0
Profile Picture

Cé a chuala faoi Thomás Ó Máille agus a shaothar?

6 years ago
Tenerife,
Oileáin Chanáracha,
An Spaínn,
An Afraic.

Bail ó Dhia oraibh, a mhaca léinn.
Chonaic mé fótagraf de leabhar an lá cheana, a raibh an t-ainm "Seanfhocla Chonnacht" air, scríofa san aois dheiridh.
Is é an chaoi a raibh deartháir liom i nGaillimh, agus thug sé faoi deara é i siopa, agus sheoil sé pictiúr chugam den chlúdach.
Bhí cuma shuimiúil air, agus tá mé ag iarraidh a fháil amach faoi.
Is é Tomás Ó Máille ainm an údair.
An bhfuil eolas ar bith ag éinne faoi?

Go méadaí Dia bhur stórtha.