0
Profile Picture

Tuige an bhfuil an chuid is mó de na hamhráin brónach?

6 年前

Tá go leor leor amhráin bhrónacha i nGaeilge, agus cuid mhaith acu faoi bhá éigin in am éigin, mar ní bhíodh snámh ar bith ag an gcuid is mó de na bádóirí, agus cailleadh na céadta acu chuile bhliain.
Níor mhaith leo an snámh a fhoghlaim, mar deirtí gur dúshlán Dé é, a bheith in ann snámh.
Tá an oiread sin amhráin faoi bhá éigin ar chósta na hÉireann gur doiligh an ceann is brónaí a phiocadh amach astu.
Cé acu is fearr nó is cumasaí, meas sibh?
Cé a chuala Curacha Na Trá Báine, faoin triúir fear óga a bádh lá éigin i Bhá na Gaillimhe, deartháireacha ar fad iad, agus an t-amhrán cumtha ag an mbean óg a bhí geallta ag duine acu, í féin an duine a fuair a mbád folamh leagtha ar an Trá Bhán cúpla lá tar éis na timpiste.
Bhainfeadh sé deora as clocha.